Scoil: Scoil na mBráthar
- Suíomh:
- Tiobraid Árann, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: An Br. C.B. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar
- XML Leathanach 197
- XML “Tiarnaí Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí mór-chuid Tighearnaí timcheall na h-áite seo. Dearfadh cuid des' na daoine nách raibh siad chómh crósta is a bhí siad in áiteanna eile. Bhí ceathrar díbh timceall na h-áite, Lowe, Blunt, Barra-Mór, Ó Scollaighe agus do cuireadh mór-chuid as a sealbh ins an ait seo. Do cuadar go léir go America. Do fuair Blunt agus Barraí Mór an talam ó Cromwell agus cheannaigh na daoine eile é.Bhí ar bean an ait seo gach rud a bhí sa tig aici do thógaint amach ar an mbóthar agus níor mhaith leo é sin mar ní raibh siad ábalta ar aon tigh eile d'fhághail. Do bhí ortha na rudaí go léir do dhíol agus dul thar lear, agus níor thángadar tar-nais ó shoin. Do bhí ar daoine eile dul amach mar níor dhíol siad aon chíos.