Scoil: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (uimhir rolla 9250)
- Suíomh:
- An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Siobhán Ní Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Fothrachaa.
Ta fothrach sean caisleáin thíos i gCaisleán Nua, timcheall cúig céad slat óm thig-se. Fear darbh ainm Muiris de Prendergast a tháinigh leis na Normánaigh sa bliain 1170 a thóg an caisleán sin. Tá sé suidhte ar an dtaobh dheas den abhann ar a dtugtar an tSiúir. Deirtear go bhfuil ór i dtaisge ann. Do bhí seacht mhic ag Prendergast agus cuireadh cuich acu cun báis.
Tá fothrach eile ar an dtaobh eile den abhann Mainistir iseadh é. D'éirigh airgóint ider duine des na manaigh agus Muiris de Prendergast.
Do maslaig an manaig Prendergast agus cuir Muiris an mainnistir tré theine. Chuir an manach mallacht ortha agus fuaireadar bás na nduine is na nduine. Níl acht na fallaí na seasamh anois.Tá fothrach sean shéipéal i gCaisleán Nua leis. Sí an fáth go bhfuil sé na fothrach anois ná gur dhógadh Cromuil é. Nuair a bhí sé ag dul ó Cluain Meala go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig de Paor
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 87
- Seoladh
- Coolagrean, Co. Thiobraid Árann