Scoil: Baile an Chaisleáin (uimhir rolla 11303)
- Suíomh:
- Baile an Chaisleáin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Mathghamhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Chaisleáin
- XML Leathanach 507
- XML “Baile Bhile Eoghain”
- XML “Belaach an Iúir”
- XML “Beann Gabhar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá scéal mar gheall ar Eoghan sa cheanntar so. Deirtear
gur baiseadh é i mBaile Bhile Eóghain agus gur cuireadh é
i sliabh Eoghain. Tá uaigh ann leis. Tugtar leabad Eóghain
uirre. Tá tosnú na hainme seo gan bheith soiléir. Is é
mo thuairm tar éis morán taighde ná go mbaineann sé
le bile (crann). Sa bhaile talmhan so tá páirc ar
a tugtar Páirc a Bhile. Tá dha thobar fiór uisce
sa bhaile – tobar Éibhlíse agus Tobar an Iubhair
(Tobar an Óir – neamhceart) Tá marcála sa léirscáil
Ordanaic. Bhí an “iubhar” coitcheann sa ceanntar
so do réir deallraimh, féach ainm “bealach an Iubáir”.
Rud neamh gnáthach ag baint leis an mbaile seo, bíodh ar
go bhfuil sé mór, is beag an uimhir lios atá
ann. Tá Carraigh Aifrinn ar an dtaobh shoir d’en baile in aice le Tobairín Phádraig. - Bealach an Iubhair - Baile beag taobh siar de sráidbhaile Bhaile a ‘Chaisleáin ar an dtaobh siar de cois sreatha agus timcheall leath mhíle soir ó thuaidh siar ó Chuilceach Cinn Eich, tá tobar i bpoll carraige. Tobairín Pádraig
a ainm. Deintear turasanna ann.
Ar an dtoabh siar thuaidh de ta sean crosbhóthar. Tugtar “Cabhma”? air anois. ‘Sé an brigh ata leis na Cros an Champa. Bhí campa saigdiúiri suidte ann le linn Cogadh 1688-70 chun an bhóthar ó Mhagh Cromdha go Droichead na Banndan do chosaint. - Beann Gabhar – Tá tosnú na hainme soiléir, bíodh ná fuil na gabhair ro fluirseach ann anois. Tá(leanann ar an chéad leathanach eile)