Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal mar gheall ar PúcaíTá áit thall annsan ar aghaidh Béal a Gleana anonn níl puínn faid ó Gort Uí na Coille. An cnocán úd ar taghaidh amach ar a dtugtaí Céim-Cora-Bhuailte. Raint blianta ó soin do bhí lánamha óg na cómhnuighe san áit.Ní rabhadar pósta ach cúpla bliain agus bhí aon leanbh amháin acu leanbh gleóidhte deas inghne ab'eadh í. Tráthnóna éigin chuaidh máthair an leinbh amach go dtí sruthán abhí le h-ais a tíghe.I gcionn tamaill tháinig sí isteach agus shuidh sí le h-ais na teine dubhairt sí gur tháinig sídhe gaoith agus gur cuir sí ana eagla uirthe.
Cuadar i gcodladh agus ar maidin amáireach nuair a bhí sé tam ag bean an tighe chun eirighe dubhairt sí le na fear eirighe agus an teine d'adhúghadh.Sar a raibh an teine aduighthe sa cheart aige dubhairt sí leis rith a' diarraidh an tSagairt go raibh sí a fághail bháis. Do rith an fear a' diarraidh an tsagairt agus nuair a thainig an sagart ní chuirfeadh sé an ola uirthe i n-aon chor ná raibh aon baoghal báis uirthe. Dubhairt sí leis go raibh sí ag fághail bháis. Ní raibh aon cabhair uirthe bheith a' cainnt ní chuirfeadh sé an ola i n-aon chor uirthe. D'fhiafruig sí de annsan ar son Dé an ola a chuir uirthe. Do chuir sé an ola uirthe annsan. Ní raibh sé síos go Béal Átha an Gaorthaidh nuair a tháinig duine na(leanann ar an chéad leathanach eile)