Scoil: Rinn Ó nGriana, Cuan Dor (uimhir rolla 6009)
- Suíomh:
- Rinn Ó Grianna, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rinn Ó nGriana, Cuan Dor
- XML Leathanach 313
- XML “Scéalta Grinn”
- XML “Scéalta Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí bean ann fadó agus bhí mac aici agus Seáinín dob ainm do
Do chuir a mháthair ar scoil é agus ní raibh sé ag foghluim pioc
Ceann asail a bhí air. Deineadh Seáinín an maistir a ghearán le na mháthair. Amáireach chuaidh an máthair ar scoil chun labhairt leis an maistir. " A máistir" dubhairt sí " ná buail Seáinín in aon cor
ac buail an garsún is giorra do agus cuirfid sé sin eagla ar Seáinín - Bhí beirt buachaill ann fadó darb ainm Mathún Mór agus Mathún beag. Do comhnuigeadar i dtigthe beaga dóibh féin gan aoinne na dteannta ach a mháthaireacha. Do bhí bó ag Mathún Mór agus ní raibh aon bó ag Mathún beag.Fuair máthair Mathúin big bás agus do rug sé leis í go cuinne an bhothair agus do cuir sé in a seasamh í ar maide croise mar bhí fhios aige go raibh an tighearna talmhan ag teacht ar an am san le capall agus cóiste Do bhuail an cóiste i gcoinnib an seana mna agus do leag sé í. Ní raibh an cóiste imighthe ach tamall beag nuair do léim Mathún beag amach thar claidhe agus dubhairt sé leis an tighearna talmhan go raibh a mháthair marbh aige. D'iarr an tighearna talmhan cad é an díol a bhí uaidh agus dubhairt Mathún beag gur teastaig uaidh trí céad púnt gan dul ar aon dlighe agus do thug an tighearna dó é. Nuair a chuala Mathún Mór cad a thuit amach do mhairbh sé a mháthair(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Seancháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Carraig an Loiscthe, Co. Chorcaí