School: Gort Uí Chluana, Beanntraí
- Location:
- Gort Tí Cluana, Co. Chorcaí
- Teacher: Seán 7 Tadhg Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo leagaint den "Ar n-Athair", d'airigheas o shean duine cúpla bliadhan o shoin. Tá sé imighte ar Slighe na bhFírinne anois. Beannacht Dé ar a anam."Ar n Athair atá ar Neamh
Do cheap sinn féin ar dtúis.
Go naomhuighthear d'ainm
Agus go dtagaimíd go léir id' dún.
T'aon-toil bheannuighthe, ar an dtalamh
Go ndeantar súd,
Fé mar a deineann gach n-aon ar Neamh
Nuair a théighidh id' árus.
An t-arán geal a cheapais féin, dúinn tabhair,
Agus ár gcionnta ar fad, go maithir féinigh dúinn
Fé mar a mhaith do Mhac do'n bhfear gan néall 'na shúil.
Ná claiodh sinn san riocht úd,
As nach féidir teacht
In-aon droich nidh, ná i deintibh daora i dteas
Ach amen, a Chríost, agus leig sinn go léir isteach"- Collector
- Seán O Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Gort Tí Cluana, Co. Chorcaí