Scoil: Toames, Maghcromtha (uimhir rolla 15478)
- Suíomh:
- Tuaim, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cubháin" i.e. "Clifford's corner of land"
TÍR AN EASAIG(Teeranassig i mBéurla) Sé an brígh atá leis an ainm seo na "Land of the Waterfall" Tá an eas ann.
CORRACH DRAIGHEANACH(Coradrinagh i mBeurla) Áit fhliuch buigeach is eadh corrach agus toisg go bhfuil mórán crann draighinn ag fás ann tugadh Corra' Draigheanach ar an áit.
INNSE A' COIRCE(Inchacurka i mBeurla) "Meadow of the oats"
CILL na dTORAr an dtaobh thiar den pharóiste tá "Cill na dTor" (Kilnadur i mBeurla). Sé an brígh atá le seo nó "Church of the bushes". Dá mbeitheá ag gabháil a bóthair in aice scoile na h-áite seo chífeá thuaidh uait ar bharr a cnuic crois mhór árd a chuir an t-Athair Ó Liatháin, Canónac (Beannacht Dé le na anam) suas mar cuimhneachán ar an aimsir 'nar léightí Aifreann go rúnach ins an áit seo an aimsir na bpéin-dlighthe.