Scoil: Toames, Maghcromtha (uimhir rolla 15478)

Suíomh:
Tuaim, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 252

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 252

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Toames, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 252
  3. XML “Na Toibreacha Naofa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    I mbaile fearannn An tSléibhín ar taobh an bhóthair ag dul isteach i Mágh- Cromtha tá tobar naomhtha ar a dtugtar Tobar naoimh Bheirethert. ( Bernhardt is dóca). Meanann na sean daoine gur driathaír do naomh Ghobnatan an "beirithert" seo ar de réir túairmí daoine léigheannta, naomh ón mbratain mbead do bheadh é. Deirtear go bhfuil morán tobar naomhtha ina an mbreatain mbeg ainmnigthe ón naomh gceidhna.
    I gCill na Rómánach, i bfheirm Mhicíl Uí Mhuirthuille, tá tobar naomthta eile. Tobar ina thábhachtach do beadhan tobar seo sa tsean aimsir. Tá an tobar seo in aice na h-áite na raibh an mhainistir fadó. Is go dtí an mhainistir seo a theich na Monsig nuair a rúaig na Danair iad ó Mainistir Mhaghh Clann Chic[?]. Níl rían na mainistreach le feiscint anois ach tá roinnt leace san áit 'na riabh an railig. Is beag duine a théigheann go dtí an tobar seo anois ag deanamh turasanna: ach is cuimhin le na seana daoine nuair a deintí turasann ann. Seo rud [?] a thuit amach timcheall seactmád de bhlíontaoibh ó [?] ag tuitim na h-oidhe lá áirithe i mí an Abráin, búail seanbéan isteach go tig Athar Mhichil Uí Muirtuille, Connaic na daoine sa tig gur stráinséar í, agus d'fhiafruigheadar di cá raibh a tríal nó an bhfheadfaidiís í a chabhrú in aon tslíghe. Dubhairt sí gur ó thiobraid Árann bheadh í sa deaidhreamh dá dtagagh sí go tobar naomhtha áirithe i gCo Corcaighe agus turas a deanamh ag an dtobar go léigheasfaí an h-inthean. Dúbhradh léi freisin go dtreórófaí í ar an slíghe ceart cun an tobair agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Mhuirthille
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cill na Rómhánach, Co. Chorcaí