Scoil: Toames, Maghcromtha (uimhir rolla 15478)
- Suíomh:
- Tuaim, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal mar gheall ar na 'Daoine Maithe' Fadó timpeall ficead no trocad blian o soin húigheadh na feirmeóirí go Corcaigh le na gcuid ime agus is le capall agus cairt a thógadís é mar ní raibh aon mótor nó glúaistéan aca. Is mó sgéul úacbhásach a innstear mar geall ar na 'daoine maithe' ag teacht ag iarraidh an ím a thógain tuatha dóibh féin. Sgéul den t-saghas seo is eadh an sgeul seo a leanas.
Uair amháin d'fhág feirméoir 'Carraig na Curra' chun dul go Corcaigh le cead-meadhcaint ime. Capall agus cairt a bhí aige. D'fhág sé an tigh ar a sé a clog san tráthnóna cun bheith i gCorcaigh ar a ceathar ar maidin.Ar an haondheag bhí sé ag dul iar ‘Inniscarhta’. Ar an dtaob shiar de Inniscarra bhíodh stábla agus an oíche seo chonnaic an fear tig mhór lóistín in aice leis. Ní fhaca sé an tig seo roimhe sin riamh cun é a feiscint go maith chuir sé an capall isteach san stábla agus chuaigh sé isteach san tig. Ag an ndoras connaic sé carr leis agus ceap sé go raibh an carr ceadhna marbh ach ní raibh sé súiralta. Dubhairt a carra leis gacg aon rud a ithe ach gan aon deoch a ól.- Faisnéiseoir
- Tomás Ó hÉalaithe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Labourer (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tuaim, Co. Chorcaí