Scoil: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (uimhir rolla 16210)
- Suíomh:
- Céim an Fhia, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh
- XML Leathanach 017
- XML “Na Buachaillí Bána - Cath Léim an Fhia, 1822”
- XML “An Buachaill Díomhaoin (Robálaí)”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na saighdiúirí. Tháinig na saighdiúirí fé dhéin an fhir gur leis an gadhar agus do rith an fear cos-nochtaithe ach gabhadh é fé dheire agus chuireadar sa phríosún é. Dheineadar é thriail cos-nochtaithe agus daoradh é agus deineadh é chrochadh. Ba shuarach an finnéidh (fiadhnéidh) a bhí ar an bhfear san agus b'é an ainm a bhí air ná Tadhg Mhach Taidhg ó Bhaile na Cáithte.
- Bhí an robálaidhe seo ag maireachtaint i mBéilic ar an dtaobh thiar de Chúm na nÉag taobh istigh de theorainn Chiarraighe timcheall trí mhíle dhéag ó Chéim an Fhiadha. Theip orm a ainm fhághail amach. Ar aon tslíghe sé an tslíghe-bheathadh a bhí aige chun maireachtaint ná ag robáil daoine. Bhí roinnt airgid beirthe aige leis agus fuair na saighdiúirí eolas go raibh sé ann. Thángadar i ganfhios air agus do rith le n-anam ó thuaidh fé dhein Gleann Fleisce go dtí faill ar a dtugtaí Faill an tSeana Chaisleáin uirthe. Fuaireadar radharc beag éigin air agus chaitheadar roinnt urchar agus d'aimsigheadar le piléar é. Chomáin sé leis ar chuma éigin agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gort Luachra, Co. Chorcaí