Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí i gCarraig an Ime fadó sagart óg agus do bhí sé 'na chómhnuide na h-aonar ann mar ní bheadh ach ní bhíodh ach aon sagart amháin ann roimis sin.
Do bhí sé ana nuadh san áit nuair a tháinig glaodach ola cuige san oidhche do bhí an bhean ag fághail báis in áit éigin in-aice na h-áite agus do bhí sí geall leis marbh.
D'eirig an sagart laithreach agus do chuaidh se fé dhéin an mnaoí bocht agus do bhí ana-dheithneas air mar do theastuig uaidh an ola a chur ar bhean macánta.
Do bhuail sé an capall le fuip a' chapaill agus do chuir sé ag sodar é chómh mear agus bhí sé ann agus do bhí sé díreach luath a dhóithin.
Nuair a bhí an ola curtha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chárthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Risteárd Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí