Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0336, Leathanach 037

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0336, Leathanach 037

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 037
  3. XML “An Fear Bocht agus na Púcaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá roinnt maith blianta ó shoin nuair do mhair i gCluain Droicead fear bocht agus a bhean. De mhuinntir Chéilleachair ab'eadh iad.
    Do bhí tigín beag aige ar thaobh an bóthair ach do bhí cúpla céad púnt ag an bhean nuair a phós sí agus do bhí rud éigin aige féin leis. Do bhí seisear nó mór-sheisear de clainne acu agus an duine dob'óige a bhí acu do bhí sé na leanbh breágh ládair ach nuair a bhí sé cúpla seachtmhain do fuair a mháthair bás agus dfág sé clainne óg ag a fear.
    Do bhí an leanbh breágh láidir sláinteamhail ar feadh tamaill go dtí go bfuair sé breoidhteacht éigin. Nuair ná raibh sé ag dul i bfeabhas do chuir a athair fios ar an ndochúir ach dubhairt sé leis na raibh aon mhaith le déanamh aige féin leis mar nár aon rud
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Chárthaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Risteárd Mac Suibhne
    Inscne
    Baineann
    Aois
    64
    Seoladh
    Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí