Scoil: Bárdínse (uimhir rolla 12399)

Suíomh:
Barr Duínse, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Cáit, Bean Uí Riórdáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0327, Leathanach 210

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0327, Leathanach 210

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Bárdínse
  2. XML Leathanach 210
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal Grínn
    Bhí bean ann fadó agus d'oir di go mbeannóchadh na misinéirí córda naomh Proinnséis di agus d'iarr sí ar chailín an tíghe an córda a bhreith léi chun é a beannúghadh. Dubhairt an chailín ná béarfadh mar go raibh sé salach agus go dtabharfhadh an chórda salach san náire dhi féin. D'imthigh an cailín léi ag déanamh a cuid oibre agus an céad uair eile a tháinigh sí cun an dorais do chonnaic sí an cúbhrán bán ag éirighe a sáspan a bhí ar an dteine. D'fiafruigh an chailín di "Airiú a mháthair mhóir cad tá sa t-sáspan" "Airiú a Mháire a laogh tá Proinsséis ar friochaigh ann." arsan t-seana mháthair.
    Máire Ní Dhuinnín na Milíní.
    Fuaras an sgéal seo thuas óm' sheana mháthair Síle Bean Uí Loinghsigh atá na cómhnuidhe ar na Milíní.
    Aos:- 65
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhuinnín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Na Millíní, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Síle Bean Uí Loingsigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    65
    Seoladh
    Na Millíní, Co. Chorcaí