Scoil: Béal an Chrobháin (uimhir rolla 11023)
- Suíomh:
- Béal an Churraigh Bháin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Tadhg Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Béal an Chrobháin
- XML Leathanach 292
- XML “Seanscéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do thosnuigheadar ag obair. Ní rabhadar abhfad á cur suas. Ní raibh aon pálás cómh dheas leis an gceann san. Dubhairt an rí le na mhnaoi go raibh sé chun an beirt do mharbhú i dtreó ná fhéadfadh sé aon ceann eile ní a bhfearr a deanamh d'aon rí eile. Bhí brón mhór ar an mhnaoi agus d'innis sí an sgéul do mhac an Gobáin. D'innis sin dá athair é agus sochruigheadar an bob a bhualadh ar an rí.
Tháinig an rí amach lá agus d'iarr sé den Gobán an raibh sé criochnuighthe. Dubhairt an Gobán raibh ach go raibh rud amháin ag teastáil uaidh agus muna geóbhfhadh sé é sin tuitfeadh an pálás. Bhí an Gobán ana glich agus dubhairt leis an rí gurbh é a bhí air ná "chor in aghaidh an caimh". Cuir an rí a mhac go tigh an Gobáin. D'innis sé an rud a bhí uaidh don cailín. Bhí fhios ag an cailín ná raibh a leithéid ann ach bhí fhios aici as an ainm go raibh an Gobán i dtrioblóid. Dubhairt sí leis an mach go raibh sé istigh i mbosca mór dhoimhin a bhí istigh sa tig. Chrom sé isteach sa bosca agus caith sí isteach é agus chuir sí an cludach ar an mbosca. Chuir sí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Mac Cárthaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Cill Chaitiairn, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Maighréad Ní Urdail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chaitiairn, Co. Chorcaí