Scoil: Tóchar, Dunmaonmhuighe (uimhir rolla 7270)
- Suíomh:
- An Tóchar, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Riobárd Mac Peadair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tóchar, Dunmaonmhuighe
- XML Leathanach 103
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí beirt driféar ann uair agus bhí fear óg in grádh leis an mbeirt.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Mar sin féin níor mhaith leis go mbeadh sé le radh ag an bhfear óg ná fuair sé ac an t-eiteachas.
Cuimhnigh sé ar sheift amthac, sar ibhfad cun na bearta cruadha do réidhteach. Seo mar a dúbhairt sé:-"Is milis í an sméar lá gréine nuair a thuiteann sí
'S is searbh géar iad caora an Cuilinn Caoin
Méinn mhaith, péarla gach-uile nídh
Is bíodh an scéimh ar an dté gur cuireadh í."(gan teideal)
“Bhí beirt fiadhuidhe ag fiadhach lá agus tharla gur marbhuigheadar fiadh.”
Bhí beirt fiadhuidhe ag fiadhach lá agus tharla gur marbhuigheadar fiadh. D'eirig argoint eatorrta ar connus é do roinnt. Biodar ar tí dul igcochall a ceile nuar casadh seanoirín liath darb ainm Donncadh 'ac Craith ortha. D'iarradar ar Donnchadh an ceist cruaidh do reidhteach eatorra, rud a dhein sé go cliste. Seo an breith a thug sé
Tabair ceatramha agus a leath do Dhonncadh 'ac Craith
Agus an ceathramha gan roinnt do Dhonncadh 'Ac Craith
A chosa is a cheann do lochlannach an domhain
Is a croiceann i gcóir briste do Donncadh 'Ac Craith