Scoil: Tóchar, Dunmaonmhuighe (uimhir rolla 7270)
- Suíomh:
- An Tóchar, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Riobárd Mac Peadair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tóchar, Dunmaonmhuighe
- XML Leathanach 088
- XML “Scéal Beag”
- XML “An Bheirt File”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí feirm beag talmhan ag fear uair amháin Ní fheadadh sé í a choimeád agus do dhíol sé í Do chuaigh sé ag obair le feirmeóir annsan Lá agus é ag tiomáint asail tháinig an sagart suas chuige agus ar sisean "An i ndiaidh asail a bhíonn tú anois a Dhiarmuid?"
"Uaireanta bím i ndiaidh agus uaireanta eile bím roimis amach" arsa an duine mar fhreagra.- Faisnéiseoir
- Miceal Ó Chuilleáin
- Inscne
- Fireann
- File a bhí ann uair amháin agus do theastaigh uaidh aithne do chur ar file eile a chualadh sé a bhí ar an aonach gan a thuairisg do chur.
Do chuaidh sé ar an aonach agus fé mar a théigeadh sé ó thig to tig deireadh sé na línte seo: Is bréag agus is glas an sgairt í seo
ós comhair do thighe.
Bhí fhios aige dá mbeadh an file eile ag eisteacht leis go bhfuigheadh sé freagra féileamhail uaidh. Sheas sé ós comhair tighe amhain agus sgaol sé uaidh na línte filíochta mar ba gnáth. Do bhí áthas an domhain air nuair a fuair sé an freagra seo: "Seadh! Ag bagairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Seaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cuan Dor, Co. Chorcaí