Scoil: Tóchar, Dunmaonmhuighe (uimhir rolla 7270)
- Suíomh:
- An Tóchar, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Riobárd Mac Peadair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag suirghe le cailín deas. Thagadh an fear óg gach lá go tig an cailín cun í d'feisgint agus gach uair a thagadh sé gheibeadh sé beile mhaith o'n gcailín agus dhá ubh beirhbhithe. Bhí an sgeál mar sin ar feadh bliadhna no mar sin agus annsan thánaig fuacht agus leaghadh ar an grádh.
Do chuir an cailín an dlighe ar an bhfear óg mar gheall ar an méid a bhí sí cun deireadh sa tsaoghal dá bhárr an méid ubh a bhí ithte aige uirthi. Nuair a thuig an fear cad a bhí deanta aici thuit a luig ar a lag air. 'Sé dúbhairt an cailín na go raibh sí trí céad púnt cun deire sa tsaoghal mar dá gcuireadh sí na h-uibheacha ag gor go mbeadh ana chuid sicíní idir eilíni agus coiligh aici. Dfeadfadh sí na coiligh do dhíol ar a lán airgid agus do bheirfidís na h-eiliní ana cuid ubh.
Bhí an fear óg i gcruaidh cás agus ní raibh a fhios aige cad ba cheart dó a dhéanamh lá amháin do raibh sé ag gábhail an bóthair casadh Éoghan Ruadh Ó Shuilleabháin air. D'fhiafrugh sé de'n fhear cad a bhí ag déanamh búartha dhó. D'innis an fear a sgéal do agus 'se an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Miceal Ó Chuilleáin
- Inscne
- Fireann