Scoil: Tóchar, Dunmaonmhuighe (uimhir rolla 7270)
- Suíomh:
- An Tóchar, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Riobárd Mac Peadair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- File do beadh Diarmuid agus uair amháin do dhein sé rud éigin as an slige. Chualadh an sagart é agus cur sé mallacht air agus ar einne a labharfadh leis. Tánaig Diarmuid go dtí an teampall ag eisteacht Aifreann Domhnac Tánaig an sagart amach ag crocadh uisge coisrighte ar na daoine a bhí i láthair. Do chonnac sé Diarmuid agus dubhairt sé "Tá tú annso a dhiabhail." "Tá sé agat", arsa Diarmuid "agus na tugad Dia tairbhe duit". "Ní fheadraígi na gur leis an fiach dubh atá ag gabhail tharm atáim ag cainnt" ar san sagart. "Innis dom anois cathain a thiochfaidh an caint do'n fiach dubh agus maithfidh mé dhuit"An go dtagaidh Míol mór ar an mbeinn mhóir
An go dtagaidh an Fhrainnc ar Sliabh luig,
agus An go n-imteóchaidh an sainnt do'n Eaglais
Ní tiocfaidh an cainnt do'n fhiach dubh.- Faisnéiseoir
- Sean De Búrca
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Leathan, Co. Chorcaí