Scoil: Duíbhlios

Suíomh:
Duílis, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0303, Leathanach 122

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0303, Leathanach 122

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Duíbhlios
  2. XML Leathanach 122
  3. XML “Local Place Names”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ba chóir dhá roinnt do dheanamh díobh seo thúas mar tá go leór diobh i mbealaibh na ndaoine fós cé na tuigtear cad é an brígh a bíonn ortha úaireannta. Síad an da roinnt atá im chuimhne a dhéanamh díobh ná 'aiteanna puiblí - so-fheisgithe, cáileamhla go mbaintear feidhm asta coitcíanta agus áiteanna eile páircanna - cabhlaig [?] na tuigeadh aoinne ca bhfuilid ach amháin muinntir tige amháin no muinntir feirme amháin bféidir.
    Rud eile tá cuid des na ainmneachaib simhplide sin le fagháil ins gac aon feirm nach mor - a leitheid seo thíos.
    Páirc an Tíghe - an páirc ar agaidh an doruis
    Páirc an Tobair -
    An Ladtorach - áit gan teora go bhfuil sruthan uisge ann.
    An Túar (no an Túairín) pairc na mbó ist oidhche.
    An Búaille - no pairc an bhuaille - Angl. "Paírc a Whella."
    Mointeán
    Leaca agus Leacainín - Leaca bhán, Leaca mhor
    Faightear so thuas go tuigh agus [?] gur talamh mí codhtromach talamh na h-áite seo bionn a "Leaca" féin ag gach aoinne no a mointeán féin bfeidir agus mar sin.
    Tá cuid mhaith des na h-ainmneacha so i bhfeidhmh fós - cé nach labhartar Gaedilg ar bith annso. Sé mo thuairim gur amhlaidh nach fusa bearla do chur ar chuid díobh gan rí-radh mor do-thuigsighte do deanamh. "Leaca" sin an Sloping field - no "Móinteán" - sin "The field in which the turf used to be cut". Is deacra san go mor na "Mointeán" do rádh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Duílis, Co. Chorcaí