Scoil: Rinn Garóige, An Scibirín (uimhir rolla 16255)

Suíomh:
Rinn Ghearróige, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Máire, Bean Uí Chonaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0296, Leathanach 085

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0296, Leathanach 085

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rinn Garóige, An Scibirín
  2. XML Leathanach 085
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1.
    Do bhí sean-mhaighistir scoile ar lóistín i dtig feirmeóra agus bhí gé beirighthe aca i gcóir an tsúipéir agus bhí muinntir an tighe chom sprúinluithe san nár mhaith leo pioc a thabhairt do'n maighistir scoile. Do thóg bean an tíghe an ghé ó'n teine agus chuir sí ar an mbórd í i méis mhór agus dubhairt sí le fear an tighe í roinnt mar ní dheanfadh sí féin é in aon chor mar do bheadh náire uirthi gan aon rud a thabhairt de'n maighistir agus ní raibh sí cun aon hhioc de'n gé a thabhart do. Dubhairt an fear leis an mnaoi é roinniú, do shocruigheadar araon roinniú an gé a thabhairt de'n mhaighistir, mar do cheapadar ná coimeádfadh sé aon rud do féin. Dubhairt sé go roinnfeadh sé é ach caithfeadh gach aoine bheith sásta le na áireamh féin agus caithfeadh bean an tighe í a gearradh mar a déarfad sé féin léi. Do thosnuig an maighistir ar an gé do roinniú agus bean an tíghe á gearradh mar déarfadh sé. Diarr sé ar bean an tíghe an raibh sí ullamh agus dubhairt sí go raibh. Seo mar a dubhairt sé "ceann an gé do ceann an tighe, a sgiathán clé dhá mhnaoi, a cos agus a cos murt do gnath mhuinntear a tighe agus an corp do'n stráinnséir." D'itheadar an gé ansan agus bhí muinntear an tighe ana-mhí shásta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla
    Bailitheoir
    Máire Ní Choileáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Dún na nGall Thiar, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Coileáin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Dún na nGall Thiar, Co. Chorcaí