Scoil: Doire na Creiche

Suíomh:
Doire Creiche, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Criostóir Ó Drioscóil
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0281, Leathanach 004

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0281, Leathanach 004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire na Creiche
  2. XML Leathanach 004
  3. XML “Béaloideas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Úair amháin do cómhnuig feirmeóir maith saidhbhir sa Cumar. Lá amháin do bhúaladh a bhean breóidhte go h-ana obann.
    Bhí a raibh do dochtúirí sa dúthaig a d'iarraig í leigheas ac níor eirig leo aon mhaitheas do dhéanamh di. Ní íosfadh sí agus ní ólfadh sí aon nídh úatha.
    Rud greanmhar a bhí sa sgéal. D'eirigheadh sí isd'oidhce agus do íosadh sí agus do óladh sí a dhá dóthain. Lá amháin bhí píosa laoigh fheóla beirbhighthe cun an dínnéir aige. D'eirig sí agus d'ith sí an fhéoil go léir. Núair a tháinig a fear cun a dhínnéir ní raibh aon nídh ann cuighe ach na cnámha. Bhí sé ar buile agus dúbhairt sé go gcaithfeadh sé fhághail amach cad a bhí uirthe. Níor stad sé go ndeachaidh sé go Gleann Garbh ag tríall ar "bhean feasa". Dúbhairt an bhean feasa nár bh'í sin a bhean anaoncor ach síobhthra a fhág na daoine maithe ann agus dúbhairt sí leis [?] an céachta d'fághail, é do deargadh sa teine, agus, annsan é do ropadh isteach fé na smig. Do dhein sé mar a dúbhradh leis agus má dhein do léim an bhean amach as an leabaidh; Amach an doras léi; do lean an fear í agus do chonnaic sé i ag déanamh ar lios a bhí inaice an tíghe. Ar an am gcéadhna bhí a bhean féin ag teacht treasna na páirche fé dhein an tíghe comh maith agus a bhí sí riamh agus níor búaladh teinn í as san amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mrs Connell
    Inscne
    Baineann
    Aois
    70
    Gairm bheatha
    Farmer (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Abha Chom Sheola, Co. Chorcaí