Scoil: Cill Rialaigh (uimhir rolla 14988)

Suíomh:
Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Séamus B. Ó Lúbhaing
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 443

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 443

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Rialaigh
  2. XML Leathanach 443
  3. XML “An Tiarna Talún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí tighearna talmhan ann fadó agus bhíodh sé ag bailiú cíosa. Dhein stoc an bhaile comhairle le chéile go marbhóchaidís é an chéad lá eile thatheach(?) sé. Dheineadar amhlaidh agus chuireadar síos i bpoll é.
    Bhí leath-amadán ar an mbaile dárbh ainm do Seán agus bhí sé ag feuchaint ortha á chur sa pholl agus ní raibh aon ionntaibh acu as
    ná go scéithfeadh sé ortha. Mharbhuigheadar gabhar an oídhche sin agus chuireadar mar a raibh an máistir é agus chuireadar an máistir go h-áit eile.
    Nuair ná raibh an máistir ag dul abhaile chuaidh a mhuinntir ar a lorg agus deireadh na h-aoinne ná feacha sé féin é. Ach nuair a thánadar chomh fada leis an amadán dubhairt sé go bhfeachaidh sé daoine ’á chur go poll.
    Dubhradar leis go bhfaigheadh sé mórán airgid ach an áit do thaisbeáint dóibh.
    D’imthigh an t-amadán agus bhí sé ag polladh síos go dtí gur bhuail adharca an ghabhair leis. “An raibh adharca ar bhúr máistir” ar seisean. “Ní raibh ná eirbeall” arsa na daoine. Bhí sé ag polla síos tamall eile gur bhuail
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Innéacs seanscéalta
    AT1600: The Fool as Murderer
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus De Faoite
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Maidhchín Seáinín
    Ainmneacha eile
    Maidhchín Seáinín
    Mícheál Ó Siochfhradha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    31
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí