Scoil: Imleach Droighneach (uimhir rolla 14085)
- Suíomh:
- Imleach Draighneach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Imleach Droighneach
- XML Leathanach 231
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí feirmeóir i mBéara uair go raibh macha breágh bhó aige.”
Bhí feirmeóir i mBéara uair go raibh macha breágh bhó aige. Tráthnóna mar seo deanach bhuail buachaill óg isteach chuige is d'iarr sé ostaideacht na h-oidhche air. Dubhairt go bhfagadh is fáilte. Do shuidheadar síos is bhíodar ag cainnt. Bhí bean an tighe agus a clann ag obair ar fuaidh an tighe agus bhí an traibhiléirí agus fear an tighe ag caint. Do fuair bean an tighe suipéar dóibh agus sé an suipéar a bhí aca ná min choirce is leamhnacht. Nuair a bhí an suipéar ithte aca bíodar ag cainnt dóibh féin arís.
Chuaidh bean an tighe agus duine dá h-ingeanacha i gcró na mbó agus nuair a tháinig sí isteach dubhairt sí le fear an tighe go raibh bhó amuigh sa chró agus gur dóigh léi ná féadfad sí dul i chodhladh in aon chor anocht go mbéarfadh an bhó "Má deineann féin" arsa fear an tighe "ní h-aon nídh é sin".
Cuaidh bean a' tighe agus a chlann cuadar a chodhladh is bhí an traibhiléirí is fear an tighe ag cainnt. "Seadh anois" adubhairt fear an tige leis an dtraibhiléirí, "tá leabaidh annso dhuit-se is téighir a chodhladh, mbféidir go bhfuileann tu tuirseach." "Níl aon tuirse orm-sa" dubhairt an traibiléirí agus ní fearr liom dul a codlad ná(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Chonmhuidhe
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Imleach Draighneach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Sean Mhártain Ó Súilliobháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An tImleach Mór, Co. Chiarraí