Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán P. Ó Súilliobháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)
- XML Leathanach 219
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do chuaidh sí isteach i gcómhra mor agus do cuireadh an oiread bídh isteach chuiche agus a deannach í air fead tamaill. Annsan do chuireadar isteach i dtig na mbráithre é agus leagadar ortha go rabhadar féin ag dul air a laétheanta saoíre agus go rabhadar ag fagaint an cómhra i dtig na mbathair go dtagaidís tharnais. Do bhí poll sa chómhra agus do bhíodh Aibhis ag feachaint amach tríd. Aon lá amain dúbhairt duine des na mbeadh fhios aige féin cad a bhí sa chómhra. Dubhairt an brathair eile leis gan bacadh leis acht níorbh aon mait beith leis. Doscail sé i agus is amlaidh a bhí Aibhis istig agus í ag priocadh cnáimh. Níor dhein an bráithir fait act breith uirthi agus an cnámh do sháth siar na scórnaigh agus dúnadh airís uirthi. Nuair a tháinig a fear abhaile do beir sé an comra abhaile leis agus nuair a chonnaic sé Áibhis agus an cnámh shiar na scornaig agus i fuar marb. Ó muise air seisean nách iactach an scannradh a bhí air Áibhis chun na feóla agus í féin do tactadh leis an gcnámh. Ta se chómh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seamus Ó Suilliobhain
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Maire Ní Conaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80