Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)

Suíomh:
An Chaisleach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádruig Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 316

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 316

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleach
  2. XML Leathanach 316
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    do lean an tailúir amach agus do bhuail sé go maith é agus as san amach ní dúbhairt sé “Seo síos cun na muice leó seo.”
    Caitlín Ní Choncúbhair do scriobh 05.12.1938
    Ó Seán Ó Choncúbhair
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tómaiseanna
    (1)
    Cómh h-árd le falla
    Cómh geal le bainne
    Cómh dubh le daol
    Cómh dearg le fuil
    Fr = An Sgeach Geal
    (11)
    Gaibh Giarrhaidhe beag lomartha
    Trí coill dromada dromada
    Ní raibh aon tslat i gcoill dromada dromada,
    Ná raibh ag gabháil ar mo giarrfhaidhe beag lomartha lomartha
    Fr = Spól an Figheadóra
    (111)
    Cím na suidhe is na sesamh í,
    Cím ar bláth an aiteann í,
    Ceo na druacht ní leagainn í,
    Is ní stadann sí den tsúibhal
    Fr = An Ghealach
    (1V)
    D’eirig an bhean ina seasamh,
    Ar bhárr an chnuic is d’fheac sí siar
    Bhuail sí snaidhm ar ceann dá cosaibh,
    Is mairfidh sí na ceadta bliadhan
    Fr = An Ghrían
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Concúbhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Cnoc Rua, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Concúbhair
    Inscne
    Fireann