School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 151

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 151

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 151
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Sa tseana shaoghal fadó bhídís ag cur lín a bhogadh i bpoll portaigh agus ba mhinic dóibh ag goid ó na chéile.

    (continued from previous page)
    raibh tadhg páirteach léi do bhuadhadar. Bhíodar ag cur is ag cúiteamh le chéile agus dubhairt duine acu 'Go mbfearr fear beó ná beirt marbh.' D’fiafruigh fear do Thadhg an mbeadh sé ag dul treasna na sléibhte na mbliadhain sin ag baint an fóghmhair. Is le corrán bhainidís an t-am san. “Má bhíonn tú ag dul ann” ar seisean “glaoidh chun ceárdchán ag Crois Ghoirtín na Cruaiche agus abair leis corrán do dheunamh duit.” D’imthigh Tadhg treasna na sléibhte agus dubhairt an gabha ná raibh am aige go fóil ar é a dheunamh agus teacht ar ball agus go mbeadh réidh.” “Ní chorrachad cos liom go ndeánfar dom é” arsa Tadhg agus do dhein gan moill. Lá’r na mháireach tháinig feirmeóir treasna air a thóg é ag baint an choirce dho. Bhí triúr fear eile ag baint le ‘na chois. Thosnuigh an ceathrar ag baint agus gach fear ‘na iomair’ féinig. Sar a bhíodh na fir eile leath slighe bhíodh Tadhg ag a bun. Bhí an feirmeóir ag féachaint ortha ag baint agus tháinig sé sa pháirc chuige. Nuair a tháinig Tadhg chun barr le tosnú dubhairt an feirmeóir leis suidhe agus a phíop d’ól go dtugaidh chuige na fir eile. Annsan adubhairt go dtabharfadh sé dho chuige cúig púint agus fiacha maith tobac acht oidhche a chodailt i gcaisleán bhí taobhach leó. Tar éis suipéir an lae sin do thaisbeáin sé dho an seomra in a chodaileóchadh sé. Chuaidh Tadhg a chodladh agus níor bhfada go caitheadh an doras isteach agus gur leagadh ar an úrlár anuas comhra. Bhí cluas le h-éisteacht ar Thadhg agus súil leis ar an gcómhrainn. Ba ghearr do nuair d’éirigh fear aníos as an gcómhrainn. Bhí sé ag siubhal an t-seómra síos suas go dtáinig an lá air. Tuit Tadhg a chodladh agus tháinig chuige an feirmeóir mar cheap sé go raibh Tadhg marbh nuair nár éirigh sé. Lár na mháireach do tugadh do Thadhg as sintúis céadna acht codailt arís ann. Bé an sgéal céadna aige é agus an tríomhadh oidhche chuaidh ann arís ar chúig púint agus dóthain tobac. An oidhche sin nuair d’éirigh an fear as an gcómhrainn do bheir sé ar mhuineál Thaidhg agus do bhí á thachtadh agus do tharraing as an leabaidh amach é. “A Dhia mhór láidir a dhuine cad tá ort! Teastuigheann uaim-se codladh na h-oidhche mar táim tuirseach tinn taréis an lae pé diabhal atá ort" “Dé bheatha
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Stiopán Ua Séaghdha
    Gender
    Male
    Address
    Neidín, Co. Chiarraí