School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 123

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 123

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 123
  3. XML “Clochán Mhóir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Do chuarduigheas Clochán Mhóir di ‘sa Cumar Cuanach síos
    Fothrach Sheáin Chróin is tig Dhómhnaill Bun an Chaoil
    Ghreadas liom gach cómhgar gur chuas go Bórd Eoghainín
    ‘S chuireas fear ón Lóthair á fógairt le cluigín.
    Do chuarduigheas féin gach baile dhi treasna suas is síos
    Gach daingean, lios is cathair dí gach mainistir is Cill
    A shamhail súd ní fheaca sa dá fhaid a bhíos fé shlighe
    ‘S chaitheas casadh abhaile annsan gan bean na Gruaige Buidhe.
    Nuair a thánga um neóin abhaile bhí scannradh mhór ‘na gcroidhe
    Nuair d’innseas gach a bhfaca dóibh ‘s gach baile dár shiubhlaigheas
    ‘S deir lucht páipéir is almanaicí gur bean mhór magaidh í
    ‘S ná bainfeadh Aristotle ceart do bhean na Gruaige Buidhe.
    Ba dheas é bheith i n-aice leat lá beannaighthe i gCill
    Ba dheas é bheith ar flaigí leat tré lár sráid bhaile síos
    Tá cúlú leat i ngan fhios dom do dhein dhá leath dom chroidhe
    Mo chúig céad slán nfhaid mhairfead leat a bhean na Gruaige Buidhe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Domhnall Ó Cúrnáin
    Gender
    Male
    Address
    Málainn, Co. Chiarraí