Scoil: Bun Glaise (uimhir rolla 10662)
- Suíomh:
- Bun Glaise Thuaidh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tadhg Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bun Glaise
- XML Leathanach 130
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt buchaill ag gabhail an bóthair lá. Dubhairt ceann aca leis an ceann eile an bóthar do ghiorrú. "Níl sé ar mo chumas" ars' an tarma fear. "Cuirfidh mé céad púnt i ngeall leat ná giorreocaidh tú an bóthair" ars' an tarna fear. "Cé gheobhfaimíd chun é do shocrughadh" ars' an céad fhear "An céad fear eile a casfaidh orainn" ars' an tarna fear do chasadh fear ortha "An bhfuil sé ar do chumas an bhóthair do ghiorru ar ceann aca leis. "Tá go deimhin" ar seisean Caill sé a chéad púnt. Dubhairt sé leis an bhóthair do ghiorrú arís "Níl sé ar mo chumas ar seisean" agus cuirfidh mé mo shúil i nfeall leat nách féidir an bóthar do ghiorrú" "Cé geobhfaimíd chun é do shocrughadh" ar seisean "An céad fhear eile a casfaidh orainn " ars' an céad fhear. Do chas an dara fear ortha agus d'fhiafhruig sé de an raibh sé ar a chumas an bóthar do ghiorrú "Ta go deimhin" ar seisean. Bhí a gheall caillte aige agus thóg sé a shúil amach. Ní(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Coise Thuaidh, Co. Chiarraí