Scoil: Bun Inbhir (Bunaneer) (uimhir rolla 10241/2)
- Suíomh:
- Bun Inbhir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siobhán Ní Chonchubhar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Gárlach Goileanach
Do chuir a leas-mháthair an garlach ag lorg na ngamhan lá. Dubhairt sí leis an dóich agus andóich a chuardach dóibh. D'aimsigh sé dréimire agus siúd suas ar bhuaic an tighe ag baint an dín de'n tig.
A chlaidhre, arsa'n leas mháthair, cad é sin agat dhá deanamh?
Táim ag lorg na ngamhan, a mháthair, ar seisean.
'Airiú, a bhitheamhnaigh, ar sise, cad é mar áit é sin duit chun na ngamhan do lorg ann!
Dúbhraís liom, a mháthair, ar seisean, "dóich agus andóich a chuardach dóibh. Sidé andóich agam. Cuardóchad an áit seo ar dtúis dóibh, ó sé is giorra dhom. Nuair a bheidh an áit seo cuarduighthe agam imtheóchad agus cuardóchad dóich.