Scoil: Clones (Clochar Lughaidh) (uimhir rolla 15041)

Suíomh:
Cluain Eois, Co. Mhuineacháin
Múinteoir:
Sr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0946, Leathanach 306

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0946, Leathanach 306

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clones (Clochar Lughaidh)
  2. XML Leathanach 306
  3. XML “Pósadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhíodh teinte chnámh thart thimcheall na h áite. Nuair a shroichfeadh an lánamhain ceann sgríbe bhíodh "cáca pósta ag an té a bhíodh i mbun an tighe agus leagfadh ar cheann na mná é. Annsin tairgtí deoch do'n lanamhain phosta agus ina dhiaidh sin d'olfaidí a sláinte. Bhíodh nuadh gach bidh agus sean gach dighe ag chuile duine ag an mbainféis agus mise(?) i mbannaibh go mbíodh blas na meala ar chuile greim agus an ghreim deire comh milis leis an gcéad ghreim.
    Amach deire oidhche badh ghnathach le lucht na bainfhéise bheith ar meisce agus is minic d'éirigheadh easaontas is achrann eatorra.
    Mhaireadh an bhainfeis ar feadh laé is oidhche. Annsin bhailiughadh lucht na bainfeise abhaile agus thagadh na sean-daoine chun comhgháirdeachas de déanamh leis an lanamhain nua-phosta agus cun a nuaidheacht a mhaireachtáil dóibh. Bá ghnathach leis an lánamhain gan ais teach d'fhágáil ar feadh míosa. Téighidís chuig Aifrionn an chéad Domhnach a d'éirighidís amac agus tugtaí Domhnach an "Éirighe Amach" ar an Domhnach sin.

    Pisreoga ag baint leis an bposadh:-
    Ceangailtí sean-bhróg ar cúl an cháirr in a mbíodh an lánamhain
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge