Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)
- Suíomh:
- An Ráithín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Peig, Bean Uí Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ráithín (C.)
- XML Leathanach 030
- XML “Slí na Naomh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Slighe na Naomh Tá tobar beannuighthe againn-ne annso i nGleannFleisge agus tobar an Naomh a tugtair air. Thuas ar thaoibh an chnuic ar an dtaobh theas d’Inse an Ghleanna atá sé.
Tá bearna trí sna sléibhte annso agus casán ag dul ó dheas trí sna cnochaibh is na gleanntaibh cruinn díreach go dtí an Guagán. Is ar an gcasán san a tugtair “Slighe na Naomh.” Seo mar atá an sgéal i dtaobh an tobair beannuighthe ag na sean daoine i nGleann Fleisge.
Fadó nuair a bhíodh na Naoimh ag imtheacht ar fuaid na h-Éireann ag craobh-scaoileadh an chreidimh dos an pághánaig tháinig Naomh Fionnbarra agus comhlucht Naomh in a theannta agus chaitheadar oidhche tuas ar Dhrom a Bhráca. Bhíodar ag teacht ó’n gCathair mar a raibh comhnuidhe ar Naomh Craobhdhearg an uair úd. Bhíodh an Naoimh go léir ag dul mór thimceall mar sin san am atá thart agus adeirtear go bhfuair Fionnbarra órdú ó Dhia mainistear a thógaint dó féin i nGúgán.
D’fágadar Drom a’ Bhráca go maidin ach go h-áirithe agus do ghluaiseadar ortha ó dheas trí sna cnochaibh – Fionnbarra ar thosach agus na Naoimh eile go léir 'na dhiaidh d’réir a gcéim.
Nuair a shrois sé an Guagán thug sé fé ndeara gur dhearmaíd sé a spéaclaí agus a leabhair ar Dhrom a’ Bhráca. Thug sé an sgeal do’n duine a bhí ar a chúl agus thug seisean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ua Loinghsig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cluain Chaoin, Co. Chiarraí