Scoil: Moyderwell Convent of Mercy (uimhir rolla 13530)
- Suíomh:
- Tobar Mhaigh Dor, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aimsear atá imthighthe ach níor éirig le h-aoinne ríamh é d'fhághail. Mar sin leis na blianta beaga anuis táid ag tabhairt suas an iarracht ar fad. Nuair a théígheadh na daoine isteach san lios do taghadh spirid mór dubh ar an slighe rómpa. Bhí fear ins an mbaile - Gearóid Mac an t-Saoir agus bhí mac aige, Seumas, a bhí an-shainnteach ar fad. Is mó uair a cuala Seumas an sgeul d'á innsint ag a athair agus sa deire tháínigh an-fhonn air chun é d'fháhail. Maidean breágh Shamhraidh a bhí ann timhcheall deich mblian ó shoin. Nuair a tháinig Seumas abhaile ó'n Aifrinn cuaidh sé ag fiadhach ach do shrois sé an baile níos luaithe ná de ghnáth. Amach leis agus thug sé coinneal lasta agus bata draighean in a láimh. Nuair a chuaidh sé isteach tháinig an spirid roimis, an spirid cheudhna agus a thagadh roimh gach éinneach. Ní raibh eagla ar bith air agus dhein sé iarracht ac an sprid do bhualadh. Ní fheadfhadh sé ná níor éirig leis. Mar toradh a shaothar bhí sé bacach ar feadh an cuid eile d'á shaoghal. Máire Ní Fhoghludha
An Leac- Bailitheoir
- Máire Ní Fóghlúdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leac, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ceallacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Leac, Co. Chiarraí