Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0545
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann uair amháin agus bhí buachaill óg aige. Bhí an mac in a fhear mór ceóil agus damhsa agus nuair tháinig sé go h-aois pósta chuaidh sé aon oidhche amháin ag iarraidh mná, agus an bhean a d’iarr sé ghlac sí é agus rinneadh an dáil agus bhí gach taobh sásta agus cuireadh teachtaire fá choinne fidile bhí sa bhaile ag an buachaill óg. B’fhada leis a bhí an teachtaire ag teacht leis an fidil. Chuaidh sé amach ’na sráide agus shuidh sé ar chloch mhór gharbh a bhí n-a suidhe ar an t-sráid. Tháinic na daoine beaga agus thug siad leó é ó’n gcloch agus d’fág siad cosamhlacht in a h-áit a bhí ó laige go laige. Thug muinntir an tighe isteach a chosamhlacht ag ceapadh gurb é féin a bhí ann agus thugadar aire dó fada go leór a chosamhlacht go bhfuair sé bás agus nach raibh aon rud fágtha aca.
Tamall in dhiaidh sin chuir sé sgéala abhaile go raibh sé le na daoine beaga agus an Oidhche Shamhna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Jim Handsbury
- Inscne
- Fireann