Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó ní raibh ar an gCoill Móir ach aon tig amháin. Oidhche fhuar gheimhridh taréis na Nodlag do fuair an seanduine a bhí sa tig sin bás.D'imig lucht an tíghe ar an gClochán a' d'iarraidh na h-aibíde dho, agus fé dhéin snaoise, tobac 's coinnle is na rudaí eile a bhíonn i dtig tórraimh, is níor fhan einne istig ach an t-seana bhean a bhí pósta aige.Níor bhfada iad imthighthe, nuair a chonnaic an t-seana-bhean trí cinn de bheachaibh móra ag teacht an doras isteach. Níor stad na beacha san go dtí go ndeaghaidh dhá cheann aca suas pollaí srona an chuirp a bhí sínte ar an mbórd, agus an ceann eile 'ca isteach 'na bhéal. Níor chur an t-seana-bhean puinn spéise ionnta ar dtúis, ach taréis tamaill tháinig scannradh a croidhe uirthi nuair a thug sí fé ndeara, go raibh an seanduine á(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- S. Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Bean Mhichíl Uí Fhlathartha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 90