Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)

Suíomh:
Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dll. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 627

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 627

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
  2. XML Leathanach 627
  3. XML “Sliabh an Fhiolair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do cómhnuig óig fhear i mbothán ar Sliabh an Fhiolair. Bhí a mhuinntir an bhocht . Ní raibh san eallach aca acht scata ghabhar.
    Do bhíodh a lán daoine uaisle ag teacht go Sliabh an Fhiolair ag lamhach agus óir na bíodh aon cúram eile air théidheach sé na dteannta . Nuair a thuig sé an saoghal a bhí ag na daoine uaisle d'éirig sé mí-shásta leis an saoghal a bhí aige féin. Siúd chun bóthair leis lá amháin agus an gunna ar a ghualainn aige.
    Bhí sé ag imtheacht roimis gur bhuail sé lé scata uaisle ag lamhach. D'fhan sé na dteannta rith an tae. An oidhche sin bhí fleadh ag na h-uaisle i dtig ina raibh cailín an-dhathamhail. Nuair a bhí deire iththe aca, do caith an t-óig-fhear an naipcín a bhí air a gluinibh sa teine. Cheistigeadar e, cad chuige gur dhein sé é sin agus dúbhairt sé gurab é béas a bhí aca nuair a bhiodh fleadh ina thig féin. Do thug sé le tuisgint dóibh go raibh a mhuinntir an-shaidhbhir , agus do dhein maoidheamh as na saighdiúirí , a bíodh mar garda cosanta aca ló istoidhche. Do mheas athair an chailín, go raibh an fírinne á innsint aige agus go raibh sé an-shaidhbhiragus sar a raibh an oidhche caithte bhí a inghean geallta leis an óig-fhear.
    Tháinig muinntir an cailín uasail, chun a áite cómhnuidhe d'fheiscint . Fuaireadar amach ná raibh aige ach an bochtanas. Ceistigheadar é cá raibh an gárda cosanta, do theasbáin sé an scata gabhar doibh bhí timcheall an tíghe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Siochrú
    Inscne
    Fireann
    Aois
    Os cionn 80