Scoil: Ceann Trágha (Ventry)

Suíomh:
Ceann Trá, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Donncha Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 137

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 137

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
  2. XML Leathanach 137
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí baintreach ina cómhnuidhe i mbaile Uachtarach uair amháin agus bhí sé ana bhocht.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    ann. Dfhág sí slán aige agus thug sí agaidh ar an mbaile. Ní raibh aon marcuigheacht aici agus dimthig sí léithe ag siubhal. Bhí an oidhche ann go maith ann nuair a bhí sí leath slighe abhaile agus ní raibh an siubhal go ró mhaith aici. Bhí an oidhche ana dhorchadha ach ní raibh an eagla uirthi. Nuair a bhí sí timcheall míle ó bhaile do bhuail an sprid leithe ar an mbóthar agus is ansan a thainig eagla uirthi. Níor labhair an sprid lei ná níor labhair sí sin leis an sprid.
    Do lean an sprid í agus ní raibh sí abalta ar siubhal leis an eagla a bhí uirthi. Bhí an sprid ag rith mór timcheall uirthi agus teine ag teacht as a súilibh. Do thóg an bhean a paidirín amach as a póca agus do dhein sí fiór na Croise uirthi féin. Annsan do bhíodh sí ag caitheamh an paidrín soir agus siar idir í agus an sprid agus nuair a bhuaileadh sé i gcoinnibh an spride bhíodh gach aon bhéic aige. Do lean sí go dtí an tig í agus nuair a oscail an bhean an dorus do lean sí isteach sa tig í. Do dhein an bhean fé dhein an uisce coisreacan agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Uilliam Mac Gearailt
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cill na gColmán, Co. Chiarraí