Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 114
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gur theastuig ó na h-athair í phósadh lé ministir agus ná raibh sí sasta. D'fhiarr sí air cómhrach aonair a dhéanamh leis an ministir.
Thosnuig an bheirt ar an gcomhrach go luath ar maidin. Theip air buadhchaint an chéad lá agus bhí an cailín ag faire i gan fhios. Nuair a bhi an lá caithte bhain an cailín mannt beag as coléir a chasóige lé siosúr agus d'imthigh sí féin agus an ministir ortha.
Lá ar na mháireach thosnuig an bheirt arís agus theip ar an bhfear buadhcaint. Bhain an cailín mannt beag as a bhróig agus d'imthigh an bheirt ortha. An tríomhadh lá buadhadh ar an ministir agus gheárr an cailín blúire dá gruaig. Marbhuigheadh an ministir agus dúbhairt an cailin ná posadh sí aon fhear go deo ach fear go n-oirfadh na trí blúirí sin do. Chuir sí fios ar Sheán agus tháinig sé. D'fhoir na trí blúirí do. Pósadh Seán agus inghean an rí agus mhair an bheirt aca go sasta as san amach. Tháinig máthair Sheáin go dtí an caisleán agus bhí saoghal breágh aici as san amach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáitlín Ní Ghairbhíghe
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Laoí
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Fheothanach, Co. Chiarraí