Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 112
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thóramh an Sagart Paróiste. Raghadh-sa leis arsa máthair an tSagairt. Seo leo go tig an tórraimh. B'é an sagart mac na baintríghe. Níor leig sí faic uirthi ach shuidh sí ag ceann an bhúird go cráidhte.
Táréis tamaill tháinig péidhleacán agus bhí sé ag siúbhal ar aghaidh an t-Sagairt. Chuir a mháthair an teicheadh air. Dúbhairt fear a' tíghe léi fanacht sochair nú bheadh a mhalairt do sgéal aici. Tháinig an peidhleacán an dara uair agus an tríomhadh uair . Chuir a mháthair an teicheadh air. Bhí fear a' tíghe chun í chur amach, nuair d'éirigh an sagart agus labhair sé lé na mháthair. Dúbhairt sé go raibh a athair agus a dhriotháir ar neamh agus go spáráladh Dia é féin dá mba thoil léi. Dúbhairt sí nár thoil, muna mbeadh gur theastuigh sé ó Dhia ní ghlaodh sé air. Shín an sagart siar agus caileadh é. Nuair a fuaradh amach gurab í máthair an t-sagairt ní raibh slíghe sa tigh di. Cuireadh an sagart an lá 'na dhiaidh sin. Dúbhradh leis an mnaoí go bhféadfadh sí fanacht sa tigh sin. D'fhan sí ann ach ní fada a mhair sí.- Bailitheoir
- Caitlín Ní Ghairbhíghe
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Ghairbhíghe
- Inscne
- Fireann