Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)

Suíomh:
Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Muiris Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 037

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 037

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Gobnait
  2. XML Leathanach 037
  3. XML “Ranna - Fear go nGoideadh Veidhlín uaidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ar leanamhaint
    Do luíghus agus bhéiceas ar an mbaile go léir agus dúbhairt leó druidcom[?] liom
    Sé dúbhairt bean aosta, go rabhas cudtrom, nó ar díthcéille le sealad roimis sin.
    Dúbhairt-sa féin léi go raibh an t-éitheach aici, go rabhas féin tuisgionach
    Dhruid sí anall liom agus rug ar cheann orm, agus do bhain stathadh asam
    Níor fhág sí siolanne mheabhrach istig umh cheann le-racht truipeanna
    Bhíos fé mar bheadh gealim ar leath-súil ar an dtaobh thall d'abhainn
    Agus gan meabair circe agam
    Ritheas anall agus do sceineas i dtig isteach
    D'eirig an madra a bhí fé cheann an raca, do rug ar Mhacanus agus do scein an shuil smach
    D'eirig an sinnir[?] a bhí ró chneasta
    Do rug ar an luinithe, bhuail an madra agus liomsa nár bhiste sin
    Agus dúbhairt sí go gcuirfeadh sí plástaraí cneasuighthe le bun an chuirp agam
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Muirceartaig
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Seoladh
    Gleann Loic, Co. Chiarraí