School: Scoil N. Gobnait (roll number 16281)
- Location:
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí
- Teacher: Muiris Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chómhairimh sé ansan iad agus bhí glan ceud acu marbh aige.
"So súd [?]! a bhean a tighe", ar seisean, "ní fhanfhad lá ná oidhche eile sa tig seo anso. Is mór a' truagh mo leithéid de ghaiscídheach a bheith ann. Mise! fear marbhuighthe ceud d'aon bhuille."
As san gur imthig air agus do chuaidh sé go dtí an gabha beag a bhí mBaile an Ghleanna sa pharóiste seo agus dúbhairt leis maide nó staf breágh iarainn a dheunamh do agus a mharcáil las muigh air:-
"Mise fear marbhuighthe ceud d'aon bhuille"
Chómh maith do dhein agus d'imthig sé air ansan agus bhí sé ag cur an bhóthair de nó gur bhraith se 'na choinne sluag saighdiúirí. Tháinig an t-eagla ar an nduine bocht rómpa agus ní raibh aon tseift aige ach a leigeant air a bheith 'na chodladh ar thaobh an bhóthair agus an staf las'muigh dhe agus an mharcáil go maith le feiscint air.
Tháinig na saighdiúirí suas agus nuair a chonnaiceadar é thug duine acu trip bheag dho agus bhíodar chun é a dhúiseacht ach d'órduig an captaein dóibh stad go fóil.
"An gcídheann sibh an staf san aige?" ar seisean, "agus an ainm atá air gur b'é fear marbhuighthe ceud d'aon bhuille é. B'fhéidir nuair a dhúiseóchfaí é go mbeadh speabhraoidí codalta air agus go marbhóchadh sé an ceud againn d'aon bhuille amháin." Mar sin do bhí. Do leigeadar do féin agus d'imthigheadar tharais.(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Iascaire
- Address
- Gleann Loic, Co. Chiarraí