School: Scoil N. Gobnait (roll number 16281)
- Location:
- Dún Chaoin, Co. Kerry
- Teacher: Muiris Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus bhí an duine bocht sceimhlighthe rómpa an uair sin agus sé bhí go sásta nuair a fuair sé 'mighthe iad. D'eirig sé 'na sheasamh agus cuir do aríst agus bhí ana mhuinghin aige as féin i dtaobh gur dhein an cheud phlan an bheart so.
Bhí sé ag imtheacht gur bhuail tig mór leis. Tig duine uasail do b'ead é. Chuaidh sé fé dhéin an tighe agus d'iarr sé obair ar fear an tighe. Dúbhairt sé sin leis ná raibh aon obair aige do ba riachtanaí [?] ná an tigh nuadh a bhí sé a tógaint a fhaireadh dho ist-oidhche mar an méid a tógtaí is ló de go mbíodh se leagtha ist-oidhche agus an t-é théigheadh ag faireadh ist-oidhche go mbíodh sé marbh rómpa ar maidin.
"Dar fiadh!" arsan figheadóir go bhfairfead-sa anocht é."
"Má fhaireann tú," arsa fear, "geóbhair £5 ar maidin uam."
Leis sin do dhein an figheadóir suas é féin. Sé an cheud rud a dhein sé ná mealbhóg a dhéanamh de chroiceann caorach agus cuir sé las'-tig dá chuid éadaig í agus í líonadh de ghruth bainne.
D'imthig air fé dhéin na cúirte nuadha agus chuaidh i bhfollach isteach le h-ais bonn fuinneóige a bhí ann. Níor bhfada do gur chualaidh sé an fothram chuige agus is amhlaidh a bhí an fathach mór agus do thosnuig ar an gcúirt do leagadh.(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Iascaire
- Address
- Gleann Loic, Co. Kerry