Scoil: Kilmacteige (C.) (uimhir rolla 13944)
- Suíomh:
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chuirnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kilmacteige (C.)
- XML Leathanach 296
- XML “Seanleigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)'chuile short sgreamh a thagas ar an gcroiceann.
Ma cuirtear comphrídh ar chreacht agus má fágtar air é ar feadh tamall tagann biseach iongantach air an gcréacht.
Tá cabáiste Pádraig go maith chun tinneas súile a leighsiú.
Má choimeadtar duilleóg "gásarabháin" sa mbéal, é a chogaint agus an súgh a leigint síos an scórnach leighsigheann sé croidhe lag.
Má buailtear préamh an reannaigh go dtí nach mbíonn gágtha acht an ola agus an ola úd a thabhairt do bhinn ar a mbeadh slaghdán uathbhásadh leighiseochadh sé í.
Bheirbhigheadh na sean-daoiní an cradán le braon uisge beatha agus bheadh an sugh go rí mhaith chun ait a leighsiú nó chun geineogaí a mharbhú i gcapallaibh nó in ainmhidhthibh eile.
Leighsigheann an farrabhán creachta tógalaigh.
Tá leigheas tinneas droma i nglanadh na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bridgie Curneen
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Michael Cunney
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Coill Dá Lao, Co. Shligigh