Scoil: Caisleán Gearr
- Suíomh:
- An Caisleán Gearr, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Maolmhuidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caisleán Gearr
- XML Leathanach 066
- XML “An Chuinneog”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus a píopa dearg aige ní fhéadfaidh aon im a fhágail go dtiocfadh an fear sin arais agus go gcaithfeadh sé an méid tabac a bhí sa bpíopa aige faoi an gcuinneóig. Tógann sé leath-uair a' cluig le maistreadh a déanamh. Oibrightear an loinithe síos agus suas leis na lámha. Nuair a bhéadh an maistreadh déanta bhéadh an t-im bailighthe. Tógtar amach é leis an rothán. Níghtear i mbáisín le fíor-uisge fuar é. Cuirtear salainn air. Deanta measgán deas dhe.
Díolann mo mháthair im i nGaillimh uair san t-seachtmhain. Cuireann sí duilleóg cabáiste thart ar gach measgán agus cuireann sí píosa páipéar thart ar sin. Sin é an caoi a dtugann sí go Gaillimh é.- Bailitheoir
- Micheál Ó Griallghais
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Caisleán Gearr, Co. na Gaillimhe