School: Caisleán Gearr
- Location:
- An Caisleán Gearr, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Liam Ó Maolmhuidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caisleán Gearr
- XML Page 065
- XML “An Chuinneog”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá cuinneóg againn sa mbaile. Tá sé dhá throigh agus trí órdhlaigh ar aoirde. Tá sé troigh amháin agus ocht órghlaigh ar fhaid ó thaobh go taobh ag a bhun. Tá sé amháin agus cúig órdhlaigh ó thaobh go taobh ag a bhárr.
Rinneadh í tuairim's chúig bhliadhain déag ó shoin. Seo iad ghléaseanna na cuinneóige, an loinithe, an clár agus an rothán. Ins an Samhraidh déanann mo mháthair maistreadh gach lá. Ins an nGeimhreadh déanann muid maistreadh dhá uair nó trí uair sa tseachtmhain. Má thagann aon chomhairsa isteach nuair a bhíonn's muid ag déanamh maistridh buaileann sé greas air. Muna mbuailfeadh sé greas air deirtear go ngoidfeadh na sídheóga an t-im agus nach bhféadfaidhe aon im a fhághail ar an mbainne ins an maistreadh sin. Má théigheann duine amach(continues on next page)- Collector
- Micheál Ó Griallghais
- Gender
- Male
- Address
- An Caisleán Gearr, Co. na Gaillimhe