Scoil: Sean-Chill

Suíomh:
An tSeanchoill Thiar, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Riobárd Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0080, Leathanach 068

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0080, Leathanach 068

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sean-Chill
  2. XML Leathanach 068
  3. XML “Neddy Lohan - A Crochadh go Fealltach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sé an Ruairceach mac a tsagairt granda
    Agus Padhraig Ó Bláca a d'fág mo mhaithrín bocht faoi phian

    Diombhaidh Rí na nGrásta dhiobhtha
    Gach maidín Luain dá n-up an ghrian
    Tá mo mhaithrín in a baintrióigín bhocht craidhte
    Agus fuar fliuch an baile an Sliabh
    Beidh sí i m-bárach gan fear a fiafruigh
    Gan bacadh le mo triúirín deirbhsuiracha
    Tá Peggie agus Brighid, Máirín Ruadh cois croidhe
    Seachas mná óg a tsaoghail ar fad
    Gan bacadh le mo bhean agus mo triúirín páisdí
    Bheith a gol 's a gairthighil i mo dhiaidh
    Nídh nach naireacha diobhtha féin
    Séan a Búrca! mo rún ariamh níor leig mé leat
    Má bhí mise ar an dún so thiar
    Ní raibh an Brúnach óg a bhí mo mharc
    Béidh mise mo chrochadh i m-bárach
    Agus dar m-focal díobh ba mhór an sgéal
    Más mise a mharbhuigh an Brúnach óg
    Go ndúntar orm an Flaitheas Dé
    Fágfaim-se mo bheannacht ag buachaillín bán an tSleibhthe
    Bhiodh in aoineacht liom ag an aifrionn chaon Domhnach

    (Sgriobhas síos na foclaí so ó bhéal an tsean fhir Padraig O Goirmleaghaidh)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Padraig Ó Ghoirmleaghaigh
    Inscne
    Fireann