Scoil: Sean-Chill
- Suíomh:
- An tSeanchoill Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Riobárd Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo chios sean sgéalta, sean fhoclaí, agus sean raidhtí a chuala me ó bhéal na sean - daoine i n-Gaelteacht GHleann-na- Maith Dhuibhe leath - cgéad bliadhain ó shoin.Is i Mainistir Chnúc Ruaidh i g-Condae na Gaillimhe do bhí an chéad aonach ariamh a bhí i g-Cuige Chonnacht. Dhíol fear as Mionloch bó bhainne ann le fear a bhí in a comhnaidhe in aice le Caisleán Riabhach i g-Condae Roschomain. Ba é an margadh do rinneadar punt airgid in aghaidh gach cairt bainne do bhí ag an mbuin sa ló. Dubhairt fear na bó go m-bíodh chuig chairt sa ló ag an m-buin agus mar sin fuair sé chuig phunt uirthi. Nuair a chuaidh sé abhaile d'innis sé an sgéal dá mhnaoi. Ach dubhairt sise leis a fear nach m-biodh aici ach ceithre chairt sa ló. D'imthigh an fear annsin go bh-fuigheadh sé amach an fear a cheannuigh an bhó uaidh go d'tabharfadh sé punt den airgead ar ais dó.
Nuair a thug an fear do cheannuigh an bhó abhaile í chuir sé í n-innbhear maith í agus bhí sé chairt sa ló aici. D'imthigh sé annsin go bh-fuigheadh sé amach an fear a dhíol an bhó dhó. Agus is í n-Gleann na Maith Dhuibhe do casadh ar a chéile iad agus annsin chuadhar faoi dhéin Rí Chonnacht go socrochadh sé an chúis eatorra. Nuair a d'innis siad an sgéal dó, do ( go d-tabhairfeadh sé punt eile dhó)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- R. O' Connell
- Seoladh
- Cill Choirín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padhraig Ó hÉanacháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceathrú an Tobair Thiar, Co. na Gaillimhe