Scoil: Sean-Chill

Suíomh:
An tSeanchoill Thiar, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Riobárd Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0080, Leathanach 056

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0080, Leathanach 056

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sean-Chill
  2. XML Leathanach 056
  3. XML “Cathal Crobhdhearg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Chuala mé an sgéal so ó Bhean Uí Dhiscín as Annacbeag, Cillchoirín, Béal Athá na Slogh, Bhí sí go h-an tinn ag an am sin agus fuair sí bás seachtmhain in a dhiaidh sin (R.I.P.)
    Sé Cathal Crobh Dearg a thóg an mainistir i m-Baile an Tobar i g-Condae Mhuigheó. Mac le Toirdheallach Mór Ó Chonchubhair a bhí ann, agus bhí Toirdheallach 'na Árd Rí ar Áirinn. Páiste suirghe a bhí i g-Cathal bocht, agus bean de mhuinntir Mhógráin as baile beag in aice le Cathair na Mart a bhí 'na mhathair. Bhí sé sa tairngire acht go m-beadh a leithide ann agus go m-beadh sé in a righ ar Chonnachta trath dá shaoghal.
    Chuala an bhainrioghan faoi an tairngireacht sin agus d'éirigh sí imnidheach faoi a mac féin. Bhlaoidh sí isteach ar Chailleach na g-Cearc agus d'íarr sí uirthí orthaidh a dhéunamh nach leigfidhe d' on leanbh a theacht ar an saoghal seo no go g-caillfidhe é féin agus a mháthair. Chuir Cailleach na g-Cearc ar orthaidh agus thug sí d'on bhainrioghan í, agus dubhairt sí nach m-béarfaidhe an leanbh fhad is choinneóthadh sí an ortha in a seilbh.
    Bhí peidileáraidhe no ceannaidhe a mhála ag gabháil thart agus chuala sé an sgéal nuair a thainig tinneas cloinne ar an mathair bhoicht. Bhí an creatúr i riocht bhá ach ní fhéadfaidhe an leanbh a thabhairt ar an saoghal. Thainig lámh leis réidh go leór, ach ní thiocfadh an colann. Bhí fhios ag chuile dhuine gurbh i easarluidheacht na bainrioghna ba cionntach leis an trioblóid, agus dubhairt an peidiléaraidhe go bh-fuigheadh sé an ceann is fearr uirthí no go g-caillfeadh sé leagan leis.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    R. O' Connell
    Seoladh
    Cill Choirín, Co. na Gaillimhe