Scoil: An Fháirche (Buachaillí)

Suíomh:
An Fhairche, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Énrí Ó Máille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 235

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 235

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 235
  3. XML “Máistir na gCreamhairí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Máistir na nCreamhairí –
    Bhí fear ann fadó agus bhí mac aige. Chuir sé chuig fear ceirde é le ceird a fhóghlaim uaidh. Mhúin sé an tsiúinéaracht dhó. Rinne sé bosca agus nuair a bhí sé déanta aige chaith sé uaidh é agus chuaidh sé go Máistir na gCreamhairí. Sgata gadaidhthe a bhí ionnta agus rinne siad suas plean le dul chuig teach agus é a robáil. Dubhairt siad go mba mhaith an phlean an gasúr beag a chur síos sa simléar agus rinne siad é sin. Dubhairt siad leis an tairgead a chur suas cuca ar dtús agus annsin go dcóigfeadh siad suas é fhéin. Nuair a bhí an tairgead fáighte aca d’fág siad sa teach é, agus gan aon bhealach amach aige. Bhí go leór craicní gabhair agus adarca sa teach agus chuir sé cuid aca air. Nuair a déirigh fear an tighe ar maidin shíl sé gurbh é an diabhal a bhí sa teach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamas Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó hAllumhráin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    An Cheathrú Chaol, Co. na Gaillimhe