Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 053](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0075%2FCBES_0075_053.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 053
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír na Cille
- XML Leathanach 053
- XML “Scéal - An Triúr Mac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ríogh Éireann sul ma dteigheann an clár ar an gconra. Sheasadar isteach ar an napicín, d'éirigheadar sa spéir, chinneadar ar an ngaoth a bhí rompa agus níor rug an gaoithe a bhí na ndiaidh ortha nó gur ísligheadar ag doras Ríogh Éireann. Bhuaileadar isteach agus dubhairt an mac óg leis an rígh, déanfaidh mé t-inghean beo más mian leat é. Tuibhreann fear maith ort as ucht é dhéanamh ars an ríogh.
Bhuail sé de'n ubhall idir an dá shúil í agus í sínte i gconra, agus d'éirigh sí aca aníar arís beo, acht is dócha ars an ríogh gur i bhfad atá sí saothruighthe agat agus gur tú chaitheas í fhághail. Cé chaoi a ndeir tú sin ars an dara mac leis an rígh, "marach mise is mo napicín ní bheith sé annseo agat go mbeadh sí i dtalamh agus feicir dhomsa gur dhom fhéin atá sí a dhul." "Céard sin atá tú ag rádh" a dubhairt an tsean mhac "marach mise is mo sgáthán cé'n mhaith bhí dhíobhsa san ubhall ná san napicín." Marach mo sgáthán ní bheadh fhios agaibh an raibh sí caillte chor ar bith.
Is fíor dhuit ars an rígh. Níl a fhios agamsa cé h-agaibh bhfuil sí saothruighthe. Sílim gur tomhais é agus caithfidh sibh féachaint le na fhághailt amach. Chuaidh mise an tátha, iadsan an clochhán, báitheadh iadsan agus tháinig mise.- Faisnéiseoir
- Colm Ó Catháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 35
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Mám, Co. na Gaillimhe