Scoil: Cloch Bhreac (uimhir rolla 12106)
- Suíomh:
- An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cloch Bhreac
- XML Leathanach 743
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an leighis a bhí ag na daoine le h-aghaidh an troich an fuighleach a d’fagach an feróid ina dhiaidh a thabhairt go na páiste le n-ól agus leighiseach sé sin iad. Bhí leighis eile acu a dhúl amach roimh fear capaill bán agus leighis a irraidh air agus an leighis a thuibharach sé dhuit é sin a thabhairt go na páiste agus leighiseach sé iad.
Sé an leighis a bhí an na daoine daoine le h-aghaidh an leicneach an n-ait a chumleochadh na beithidhigh iad féin thareis a dhul amach as an sgiobal. Thú féin a chumilt annsin agus dimtheochadh an leicneach dhiot.
Is é an leighis a bhiodhach ag na daoine le h-aghaidh an bhruiteanach. Neantóg a bhaint agus é a bhruith agus an sugha a bheith faoí é sin a thabhairt go na paiste le n-ól agus leighiseac sé sin iad. Bhí leighis eile ag na daoine le h-aghaidh bruiteanach, bainne a fhiochadh agus uisge beatha a chur ann agus é a thabhairt go na páistí le n-ól agus leighiseach sé iad.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Mhaithnín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe